LAINSEÁIL AN CAMHAOIR FUILSMEARTHA/ DARK DAWN!

AG TEACHT 11 BEALTAINE!

Tá sé ag cur sceana gréasaí agus tá pian i mo chliabhrach, ach tá plean ag Fiacail. Sin an chaoi a bhfuil sé! Níl muid anseo i Ráth Bládhma ach dhá lá agus tá muid sáite i bhfadhbanna mhuintir na háite cheana féin.

Ach… is áit dheas é. Gleann amuigh ar an iargúil atá ann, go domhain i bpoll tóna an Fhiántais Fhiáin. Tá dhá dhroim faoi chrainn ag síneadh siar ó thuaidh agus soir ó dheas, agus aill chuar ghéar ag an gceann eile a choinníonn gach rud istigh. Tosaíonn an féarach ag an gcoill thiar – sin an t-aon bhealach le dul isteach sa ghleann. Talamh fairsing, glas is ea é, a bhfuil ardú beag ann i lár an ghleanna. Sin an áit a bhfuil lonnaíocht Ráth Bládhma. Déanta na fírinne, is suíomh docht daingean é. Tá radharc soiléir amach ar gach taobh ag muintir na háite. Agus an geata dúnta, ní hamháin go mbeadh ar an namhaid teacht ar an ngleann ar an gcéad dul síos, ach bheadh air an talamh sin agus an díog chiorclach a thrasnú, dul suas an claífort agus, ar deireadh, briseadh tríd an sonnach adhmaid.

Go deimhin, tá cosaint láidir ag muintir Ráth Bládhma.

Ach ní thabharfaidh sí sin saor ón mbás iad ná baol air.

Deir Fiacail go bhfuil fiann breis is caoga laoch ag tarraingt orthu. Dar leis, tá scabhtaí acu sa ghleann cheana féin. Measann sé go bhfuil a lorg feicthe aige agus go bhfuil siad ag coinneáil súil orainn. Níl ach triúr laoch sa ráth; mé féin, Fiacail agus mo chol ceathrair, Tóla. Ach níl ionainn ach cuairteoirí atá ag stopadh ar feadh tamaillín ar ár mbealach. Níl cónaí ach ag seachtar i Ráth Bládhma i ndáiríre, agus níl ach beirt acu siúd ina laochra – an banlaoch Liath Luachra agus an t-ógánach Aodhán.

Agus déarfainn féin nach bhfuil seans na ngrást acu.